Teicneolaíocht Ábhar Ádhmad
  • Baile
  • Eolas
  • Altanna
    • Leathalt
    • Feiralt
    • Mearalt
    • Deadalt
    • Moirtis agus Tionur
    • Bealalt
  • Uirlisi
    • Uirlisi Marcala
    • Sabh Tionuir
    • Sabh Coipeala
    • Siseal
    • An Plana
    • An Spocphlana
  • Dearadh
    • Proiseas Dearadh
    • Bliain 1
    • Bliain 2
    • Bliain 3
  • Saibhailteacht
  • Cluichi
    • Crosfhocail
    • Cuardach Focail
    • Mireanna Mearai
  • Breis Eolais
    • Breis Acmhainni
    • Teagmhail
Picture
An Peann Luaidhe

Tá an peann luaidhe riachtanach chun línte a mharcáil ar an bpíosa adhmaid. Caithfear a bheith cinnte go bhfuill an bior géar chun go mbeadh na línte cruinn. Is é an peann luaidhe 2H an ceann is fearr chun líntí a mharcál ar adhmad.

Picture
An Scian

Cosúil leis an bpeann luaidhe, is feidir an scian a úsáid chun líntí a mharcáil amach ar an adhmad. Caithfear a bheith cúramach leis toisc go bhfuil lann géar air.

Picture
An Rialóir

Caithfear an rialóir a úsáid chun an fad ceart a mharcál amach idir líntí. Ba cheart go mbeadh na tómhasaí i 'milliméadar' ar an rialóir.

Picture
An Dronbhacart

Úsáidtear an dronbhacart chun línte a mharcál atá ingearach le taobh an adhmad.

Picture
An Rianaire Marcála

Úsáidtear an rianaire marcála chun líntí a mharcál atá comhthreomhar le taobh an adhmaid. Mar shampla, is féidir líne a marcál 20mm isteach ón taobh an adhmaid, atá comhtreomhar leis an taobh.

Picture
An Rianaire Mortíse

Cosúil leis an Rianaire Marcála, ach go bhfuil dhá phoínte marcála air. Úsáidtear é seo chun an alt Mortíse + Tionúir agus an Béalalt a mharcáil amach.


Picture
An Beibheal Sleamhnáin

Is féidir línte ar uillinn a mharcáil amach leis an beibheal sleamhnáin. Ana úsáideach chun na huillineacha ar an déadalt a mharcáil amach. Don uillin seo, úsáidtear an cóimheas 1/6 i gcómhair bog-adhmaid nó 1/8 i gcómhair crua-adhmaid.
Powered by Create your own unique website with customizable templates.